Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

An fhírinne faoi an Chóiré Thuaidh

Last update - Thursday, March 25, 2010, 12:19 By Gearóid Ó Colmáin

Is minic a chloistear faoi bhagairt atá ag baint le Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré. Déanann na meáin cumarsáide fíoriarracht ó am go chéile an tír sin a léiriú amhal is dá mba thír chontúirteach i gceist ansin. Deirtear go as a meabhar go hiomlán atá siad agus go bhfuil dúil orthu cogadh núicleach a fhearadh leis an domhan go léir!

Ach céard atá an fhírinne faoi Dhaon-Phoblacht na Cóiré? Ar dtús báire, ba chóir cúpla rud an-thábhachtach a rá. Dár le staraí meiricánach Philip Cummings in a leabhar North Korea, Another Country, tá córas sláinte agus córas oideachais den scoth acu sa Dhaon-Phoblacht na Cóiré. Deir sé chomh maith go raibh Daon-Phoblacht na Cóiré an láidir i dtaobh eacnamaíochta de ar feadh na fichiú haoise.
Is amhlaidh go raibh an Chóirié Thuaidh i bhfad níos láidre i gcomortas le cumas eacnamaíochta na Cóiré Theas suas go dtí na hochtóidí. Nuair a thug Ernesto Che Guevara Uí Loinsigh cuairt ar Dhaon-Phoblacht na Cóiré i 1961, bá mhór mar a chuaigh sé i gcion air agus dúirt sé ansin go raibh Daon-Phoblacht na Cóiré ina eiseamláir fhoirfe d’fhorbairt eacnamaíochta an Phoblacht Chúba.
Ní insíonn na meáin cumarsáide faic faoi uileloscadh a dfhulaing muintir na Cóiré Thuaidh sna caoigaidí nuair a bhuamáil na Stáit Aontaithe an tír go léir. Mharíodh níos mó na 3 milliún daoine sa chogadh sin. Leag na Stáit Aonaithe 19 cathair go talamh agus bhain siad usáid as napailm, arm mídleathach.
Is amhlaidh gur theastaigh ó róinnt daoine sa Washington arm núicleach a úsaid chun Endlosung a dhéanamh ar mhuintir na Cóiré. Ach chinn uachtarán na Stát Aonaithe sa deireadh nach raibh an uileloscadh Hitlereach mar sin ar leas na Stát Aontaithe. Dá mbeadh sé ‘ar leas’ na Stát Aontaithe, ar ndóigh, ní bheadh aon Dhaon-phoblacht na Cóiré inniu.
Nuair a bhí buamáil mheiricánach críochnaithe, bhí formhór na ndaoine na Cóiré Thuaidh ina gconaí in uaimheanna! Ach in ainneoin ar sin, d’éirigh leo a dtír a aththogáil arís agus bhí siad níos láidre ná an Chóiré Theas arís nuair a thug Che Guevara cuairt orthu i 1961.
Deirtear go minic nach bhfuil ach deachtóireacht i gceist sa Dhaonphoblacht na Cóiré, ach ní mór dúinn a thuiscint nach bhfuil an cogadh leis na Stáit Aontaithe críochnaithe fós.
Cé go bhfuil an Cóiré Theas níos saibhre inniu go ginearálta, ni insíonn na meáin cumarsáide tada faoi dhéachtóireacht bhrúidúil a chur na meiricánaigh i gcumhacht nuair a d’áitigh siad an Chóiré Theas i 1945. Déachtóireacht fhaisisteach a bhí inti agus mharaigh siad na mílte daoine.
Sa Dara Cogadh Domanda, theastaigh ó phoblachtánigh saoirse a bhaint as impireacht na Japáine chun tír dhaonlathach a cruthú.
Ba iad na Cóiréigh i ndeisceart na tíre a bhí i bhfabhar impireacht na japáine sa tír a choinnéal agus bhí siad lán-sásta oibriú ar son na h’impireachta meiricánigh ina dhiaidh sin.
Dúirt na meáin cumarsáide freisin cúpla bliain o shin go raibh Kim Jong Il ag diúltú bia don phobal nuair a bhí gorta mór acu i 1998. Ach ní raibh sé sin fíor.
Dúirt na meáin cumarsáide go raibh an coras cummanach mar chúis don ghorta. Ní raibh sé sin fíor ach an oiread. Ní raibh aon chaint faoi na tuilte uafásachta a scuab an tír.
Ba choir duit smaoineamh faoi sin nuair a chloiseann tú an chéad uair eile faoi ‘bhagairt’ atá ag teacht ó Chóiré Thuaidh.

Gluais - Glossary:

bagairt – threat
léiriú – present
ar leas – in the interest
cumhacht – power
mharaigh siad – they killed
ag diúltú – refusing
tuilte – floods


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links