Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

An ciníochas ag dul chun cinn san Fhionlainn

Last update - Friday, July 15, 2011, 22:14 By Metro Éireann

Nuair a chuala an Fhionlainn críochthoradh an olltoghcháin san Aibreán, is iomaí duine ar bhain sé stangadh as, ach i ndiaidh an iomláin bhí súil againn leis. Ba é páirtí na bhfíor-Fhionlannach ba mhó a chuaigh ar aghaidh, agus tháinig roinnt iarrthóirí isteach a raibh clú an chiníochais orthu le píosa maith ama anuas.

I dtús na mílaoise ní raibh siad ach ag caitheamh anuas ar na hinimircigh ar a gcuid leathanach gréasáin, agus ní raibh a chuma ar an dream seo go n-éireodh leo riamh tacaíocht ar bith a mhealladh ón meánaicme. D’imigh sin agus tháinig seo, áfach.
Ón mbliain 2007 ar aghaidh, chrom lucht an chiníochais san Fhionlainn ar fheachtas cuimsitheach bolscaireachta ar an Idirlíon. Chonacthas a gcuid cománlach gréasáin i mboscaí tráchtaireachta na mblaganna. Tháinig na sluaite acu go fóraim phlé na nuachtán mór ag craobhscaoileadh na nathanna céanna. Ba mhinic an teachtaireacht chéanna á postáil uair i ndiaidh a chéile leis na headránaithe a chur thar a n-acmhainn.
Ní raibh ann go bunúsach ach an gnáthearra a bhí á reic ag a leithéidí siúd eile riamh, agus cé go ndearna na daoine seo gaisciúlacht as na ‘hargóintí maithe’ a bhí acu, ní raibh siad in ann mórán fianaise ar bith a chur ar fáil lena gcuid ginearáluithe faoi na hinimircigh a fhíorú.
Ar ndóigh bhí na scéalta uafáis faoin an ‘dainséar Muslamach’ agus faoin ‘Eoraib’ ar an gcloch ba mhó ar phaidrín na mbolscairí seo, ach ní dhruidfidís siar ó ghlanchiníochas in aghaidh an chine ghoirm ach an oiread. Ba í an teachtaireacht ba mhinice a bhí á chraobhscaoileadh acu ná go gcaithfidh tú a bheith saonta sóntach má ghlacann tú leis an inimirceach, leis an Muslamach, leis an Afracánach mar dhuine is mar dhaonnaí ar aon stádas leat féin.
Mar is léir ó thoradh na dtoghchán, má mhaireann dream sách mór ar an téad seo ar feadh i bhfad, creidfidh a lán daoine na scéalta uafáis sa deireadh. Má bhítear ag áitiú ar na daoine go bhfuil ‘fadhb inimirce’ ann, géillfidh siad don áitiú.
Le fírinne, tá ráta na hinimirce san Fhionlainn sách íseal i gcomparáid le tíortha Iarthar na hEorpa, ó nach raibh tionsclaíocht na tíre ag fáiltiú isteach lucht oibre ón gcoigríoch i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. A mhalairt ar fad ba iad na Fionlannaigh a bhí ar lorg jabanna sa tSualainn, agus níor shocraigh ach dornán beag eachtrannach san Fhionlainn.
Mar sin féin, bíonn na busfhocail chéanna agus an reitric chéanna ag an lucht frith-inimirce san Fhionlainn agus sa tSualainn, cé nach féidir stair imirce an dá thír a chur i gcomparáid le chéile ar aon nós. Sampla tipiciúil den reitric é go dtugann bolscairí ciníocha an dá thír ‘saibhriú cultúrtha’ ar bhanéigniú, más eachtrannach é an banéigneoir. Is léir nár rith an nath tarcaisniúil leo beag beann ar a chéile.
Íorónta go leor deir lucht frith-inimirce na Sualainne go dteastaíonn uathu dlíthe imirce na Fionlainne a chur i bhfeidhm ina dtír féin! Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil ‘fadhbanna’ oibiachtúla inimirce de dhíth le babhtaí frith-inimirceacha sa pholaitíocht den chineál seo a spreagadh.
Faisean idirnáisiúnta smaointeachais atá i gceist, agus é ag teacht ó láithreáin ghréasáin na ndreamanna ciníocha sna Stáit Aontaithe. Mar sin féin, is droch-chomhartha é ar go leor bealaí. Thar aon rud, is é an cineál faisean intleachtach a rachadh i bhfairsinge i measc geocaigh ríomhaireachta nach bhfuil a n-aird ar an réaltacht ina dtimpeall, ach ar an Idirlíon, go háirithe ar ghréasáin i dtír eile, fiú in ilchrioch eile.
An saoránach gníomhach é an té ar mó a spéis i mbolscaireacht nach mbaineann lena thír féin, ná sa saol máguaird?

Tá Panu Höglund scríbhneoir Fionlannach ar líne agus aistritheoir


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links