Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

An bhfuil sé éan? An bhfuil sé ar eitleán?

Last update - Monday, July 15, 2013, 15:54 By Panu Höglund

Tháinig ionchollú nua de Shuperman ar scáileáin an domhain, agus cead againn cuimhní ár gcéad óige a athbheochan arís. Is fánach an duine nár chuala iomrá go fóill ar charachtar seo na miotaseolaíochta idirnáisiúnta, an buachaill ó phláinéad diamhair Chrioptóin a d’iompaigh amach ina laoch osdaonna. 

Deirtear nach bhfuil i gceist le scéal Shuperman ach fantaisíocht pháistiúil, ach nuair a thagas an crú ar an tairne bhí muid go léir inár bpáistí tráth, agus is mairg a rinne dearmad den tréimhse sin dá shaol.

 

Chuaigh Superman i bhfeidhm ar an iliomad cineálacha daoine ón iliomad tíortha éagsúla. Tá aithne agam ar Mhuslamach chráifeach ó lár na hÁise arbh é Superman móreispéireas a luathbhlianta. Bhí seisean agus a mhuintir díreach i ndiaidh socrú síos i Meiriceá agus coimhthíos ar an ngasúr go fóill roimh an tír nua, chomh dall is a bhí sé ar an mBéarla san am, agus is dócha go raibh saol corrach a thíre dúchais tar éis scanradh i ndiaidh a chéile a bhaint as. Ansin áfach tugadh go dtí na pictiúir é le scannán de dhéantús na tíre nua a fheiceáil. Scannán faoi Shuperman a bhí ann agus rinne an gasúr dearmad dá uaigneas nuair a chonaic sé an fear ar an scáileán ag eitilt idir na scríobairí spéire agus ag oibriú gathanna infridhearga a shúl ar na bithiúnaigh. 

Nuair a d’inis sé dom faoina chuid imprisean, bhí sé ina fhear fhásta phósta cheana féin agus triúr clainne aige, ach mar sin féin tháinig coinnle nua ina shúile ar fad, nuair a mhúscail meon an bhuachalla bhig ann arís.

Mé féin fuair mé an chéad aithne ar Shuperman tríd na coimicí nuair a bhí mé aon bhliain déag d’aois. Cúpla bliain ina dhiaidh sin áfach chonaic mé an chéad scannán faoi; an iarracht sin ba é Christopher Reeve a rinne an pháirt, an fear céanna a raibh cinniúint chomh tragóideach aige an lá ab fhaide anonn. 

Bhí mé i mo chónaí i gcathair bheag ar imeall na tíre, agus saol sách uaigneach agam thall ansin, mar ba dual don ghasúr a raibh suim aige in aon rud ab intleachtúla ná lúthchleasaíocht. Nuair nach raibh meas an mhadra ag aon duine de do chomhaoiseanna orm ná cara ná compánach agam ina measc, b’fhollasach go raibh éalú agus éalúchas ag teastáil uaim. Agus ar ndóigh éalúchas den chéad scoth a bhí i Superman don chineál sin buachalla: d’fhéadfá a bheith i do Shuperman i do chroí istigh nuair a shíl na daoine óga eile nach raibh ionat ach Clark Kent.

Ba iad Jerry Siegel agus Joe Shuster a chéadcheap carachtar Shuperman. Buachaillí Giúdacha Meiriceánacha a bhí iontu ar tháinig a dtuismitheoirí ón Eoraip go Meiriceá – shílfeá gurb ag éalú ó shaol gránna na ngeiteonna in oirthear na hEorpa a bhí siad. Is léir go raibh tionchar ag an gcúlra seo ar bheathaisnéis a laoich: is é Oisín i ndiaidh na Féinne é, an stadhnóir deireanach ó Chrioptón, agus é ar imirce, nó ar deoraíocht, sna Stáit Aontaithe, agus cé go bhfuil na seacht mbuanna neamhghnácha aige, caithfidh sé fódú a dhéanamh i saol Mheiriceá díreach cosúil leis na himirceánaigh eile. 

Le fírinne is féidir Superman a ghlacadh i ndáiríre, mar mheafar ar chinniúint an imirceánaigh sna Stáit, agus is dócha gur mar sin a thuig Siegel agus Shuster féin é, ar bhealach.

Scríbhneoir Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Höglund a bhfuil meas cuí aige ar an bpopchultúr. Tá úrscéal nua Gaeilge leis ag teacht i gcló lá de na laethanta seo.

 

 


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links