Ognuno sta solo nel cuor della terra Trafitto da un ragio di sole: Ed e subito sera. (Every one is alone in the heart of the earth Pierced by a ray of the sun: And it is soon evening.)– Salvatore Quasimodo
Tá a ghrian ag scoilteadh na gcloch lasmuigh mo thigín agus tá mé ag éisteacht le ceol mílis sítheach na n-éin. Is breá liom nóiméid mar sin, a bheith ag machnamh nó éisteacht fiú amháin go moch ar maidin i suaimhneas binn na tuaithe. Nach bhfuil sé sin an t-aon dochas gur féidir linn brath air ná go dtiocfadh an ghrian is í ag spalpadh solais orainn, ag tríomú na drúchta dár smaointe lionndubhacha oíchí?
Ach mar a dúirt an file Hopkins: “All life death does end and each day dies with sleep.” Chuala mé go leor fógraíochta sa radio agus sa téilifís an tseachtain seo caite faoi lá de Alzheimers. Níl aon amhras ach go bhfuil an galar sin ag leathnú níos tapúla ná is mian linn a chreidbheáil, agus níl aon amhras ach an oiread ach go gcúisíonn stíl an tsaoil chomhaimseartha é.
Cé go bhfuil sé dosheachanta, tá sé tragóideach nuair a thagann an bás chugainn. Ach rud i bhfad níos tragóidí é nuair a imíonn an saol uainn go mall, nuair a éiríonn muid splíonach marbhánta, mairgiúil, nuair a thógann seargadh intinne ár gcéadfa chun dorchadas agus éadóchas a chur ina ionad. Samhlaigh seomra gan fhuinneog, dánlann ina bhfuil gach pictúir ag titim as na fallaí go mall ach go seasta, cén dóchas a thagann le solas an lae nuair atá dorchadas i d’aigne? Hopkins arís: “Oh the mind, the mind has mountains, cliffs of fall, frightful sheer, no-man- fathomed.”
Breathnaím ar mo athair gach lá is é follaithe sa leaba. Ní mian leis súilóid a dhéanamh de ghnáth agus bíonn orm é a tharraingt amach as an leaba ionas go nglachfadh sé beaganín solais an lae. Déanaim iarracht i gcónaí a shamhlú conas a fheiceann sé an domhan anois agus na smaointe fánacha, snámhraic agus muirchur ina haigne. Ní féidir liom aon pictúir eile seachas b’fhéidir ‘An Scread’ de Edvard Munch a shamhlú.
Ba smaointeoir é mo hathair. Ba mhian leis breathnú ar na réaltaí san oíche agus an síorcheist de Leibnitz a chur, cén fáth go bhfuil rud éigin ann seachas tada?
Labhairíodh sé go minic liom faoi intleacht na n-éin agus shíl sé go raibh a n-intleachtaí agus a dteangacha i bhfad níos farsinge, i bhfad níos sophaisticúla ná meon an duine daonna. Dúirt sé liom uair amháin go mbeadh galar intinne an pionóis is cruálaí a ngearrfaí ar aon duine. Ní chuimhin leis anois. Codlaíonn sé, itheann sé agus codlaíonn sé arís.
Dúirt an fealsamh Martin Heidegger go raibh ‘Angst’ lárnach dár mhaireann ar an domhan. Tá difir thábhachtach, áfach, idir ‘Angst’ agus eagla. Cuireann rud éigin, cuspóir éigin sa domhan eagla orainn ach mothaíonn muid Angst nuair a léiritear an chomhdhéanamh fírinneach dár mbith dúinn. Níl i gceist anseo ach láithreacht dár mbás, teagmhasacht lom dár mhaireann sa domhan. B’fhéidir go bhfuil Alzheimers nochtadh cruálach an duibheagáin sin. Nil fhios agam anois ach tá fhios agam go raibh an galar ceanna ar mo sheanmháthair agus deirtear go dtagann sé ó dhúchas. Más fíor é sin, déanfaidh mé iarracht mo sháith taitnimh a bhaint as solas an lae sular theacht na hoíche.
Mar a dúirt Seán Ó Ríordáin: “Is bás, dar liom, freagairt, is beatha fiafraí- ragham amú tamall eile is chífeam an tír.”