Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

Ag cur cogaidh ar an sonas - Waging war against happiness

Last update - Monday, August 1, 2011, 11:57 By Metro Éireann

Bhain sé scanradh as an domhan go léir an dóigh ar maraíodh na scórtha daoine san Iorua, agus fear buile ag dul ar an daoraí. Ní ábhar adhnua é an buama i lár na príomhchathrach, nó ba rud é a rithfeadh leis an ngnáthsceimhlitheoir: ionsaí ar an lucht rialtais a bhí ann. The whole world was appalled to learn about the scores of people killed by a madman running amok in Norway. The bomb in the centre of the capital was nothing new, for it was the kind of a thing that could occur to any old terrorist: an attack directed at government.

Ach scéal eile ar fad a bhí i gceist leis an mbabhta dúnmharfóireachta i gcampa samhraidh Pháirtí an Lucht Oibre. Ansin chuaigh an spraoimharfóir ó dhuine óg go duine óg agus á marú duine i ndiaidh duine, agus iad ag cloisteáil aige ag impí air scor den choir mhillteanach a bhí idir lámhaibh aige. Cuid mhór acu siúd a fuair bás sa teagmháil ba gheall le páistí iad.
An chéad tátal a bhainfeá as a leithéid ná gur gealt a bhí i gceist; duine a bhí ag cloisteáil guth Dé istigh ina chloigeann, duine a shíl nach déagóirí óga a bhí á marú aige ach deamhain i mbréagriocht. Ní mar a shíltear a bhítear, áfach. Bhí a fhios aige cén sórt daoine a bhí ann: baill d’ógra Pháirtí Lucht Oibre na hIorua. Bhí an choir seo á pleanáil aige le roinnt bhlianta anuas. Bhí fios a ghnó aige. Ní fear buile a bhí ann ach fear a raibh misean aige.
Bhí sé géarbharúlach go raibh saoirse agus subhachas an tsaoil chomhaimseartha i ndiaidh a sheanmhiotal agus a sheansaighdiúireacht a bhaint den ‘chine gheal’, agus nach raibh an cine sin in ann “ionsaí na gciníocha eile” a sheasamh. Go bunúsach, b’fhuath leis só agus sástacht na sochaí Ioruaí.
Ba é Páirtí an Lucht Oibre a chuir ar bun córas an leasa shóisialta sa tír agus a d’fhéach chuige nach gcaithfeadh aon duine stiúgadh le hocras san Iorua. De réir shaobhthuiscint an mhurdaróra ar an saol, ní dea-chuspóir a bhí ann ach droch-chuspóir, ionas gur ghearr sé pionós do na déagóirí sa champa samhraidh as an ”éagóir mhillteanach” seo a bhí déanta ag an bpáirtí.
Tháinig an tseafóid seo as na blaganna frith-Mhuslamacha atá ag dul i bhfairsinge san Idirlíon le píosa maith ama anuas. Mar sin, níorbh í a rámhaillíocht féin a bhí ann ach idé-eolaíocht chórasach chruthanta a dtugann a lán daoine creidiúint di agus iad ag dul i líonmhaireacht in aghaidh an lae. Fear é murdaróir na hIorua a bhfuil a lán daoine eile ar aon tuairim leis, agus iad chomh fíochmhar ag craobhscaoileadh a gcuid idéanna is gurb é an t-aon difríocht idir iad agus an sluamharfóir ná gur chuir seisean beart leis an mbriathar.
Cé go bhfuil cuma an-duairc ar na cúrsaí seo i láthair na huaire, is féidir a bheith dóchasach as an todhchaí. Chruthaigh an choir dhochuimsitheach seo go bhfuil an ciníochas agus an fanaiceachas ag bagairt go cinniúnach ar an muintir dhúchasach agus ar an muintir isteach araon. Na hógánaigh a maraíodh san Iorua, ba chlann d’Ioruaigh dhúchasacha iad a bhformhór, ach níor sparáil an murdaróir iad. Caithfidh lucht na hinimirce agus bunadh na tíre cur le chéile in aghaidh an chiníochais nua seo - sin an ceacht ba chóir dúinn go léir a fhoghlaim anois.

Tá Panu Höglund scríbhneoir Fionlannach ar líne agus aistritheoir.

 

But the murderous spree in the summer camp of the Norwegian Labour Party was quite another story. What happened there was the killer going from one of the young person to other, killing them individually, while they pleaded him to desist from the horrendous crime he was committing. Many of those killed were practically still children.
The first conclusion is that he must have been a lunatic of the kind who thinks he is hearing God’s voice inside his head; the kind of person who’d think he wasn’t killing young people but demons in disguise. However, it was not quite so. He understood who the victims of his massacre were: members of the youth wing of the Norwegian Labour Party. He had planned this crime for years. He knew what he was doing. He wasn’t a real madman, but a man with a mission.
He was deeply convinced that the freedom and joy of contemporary life had destroyed the old mettle and courage of the ‘white race’, and that said race wasn’t able to withstand the “onslaught of the other races”. Basically, he hated the happiness and comfort of Norwegian society.
It was the Labour Party that created the social welfare system in the country and saw to it that nobody need perish with hunger in Norway anymore. According to his perverted understanding of life, though, this wasn’t a good thing to aim at, but rather something wicked, and he saw it fit to punish the teenage youths of the summer camp for this “terrible injustice” committed by the party.
This nonsense came from the anti-Muslim blogs that have been proliferating on the Internet for some time now. It wasn’t just him ranting like this – it is a real, systematic ideology, which an increasing number of people believe in. The murderer of Norway is a man whose ideas are shared by many people, and he differs from them only by really doing what those others only threaten to do.
Dark as it looks at the moment, it is possible to be optimistic about the future. This unfathomable crime showed that racism and fanaticism are a deadly threat both to immigrants and to natives. The young people killed in Norway were mostly the children of native Norwegians, but the killer didn’t spare them. Immigrants and natives must unite against this new racism – that is a lesson we all should learn now.

Panu Höglund is a Finnish online writer and translator.


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links