Timo Soini agus ‘cladhaireacht’ na niriseoirí san Fhionlainn
Nuair a bhí Mí na Féile Bríde ag druidim chun deireanais, chuaigh blúire neamhghnách nuachta ar fud na meán sóisialta san Fhionlainn: bhí Timo Soini, cathaoirleach na bhFíor-Fhionlannach, faoi agallamh an BhBC. Cuid mhór againn san Fhionlainn nach bhfuilimid sona ná sásta le ciníochas na n-antoisceach i bpáirtí Soini, fuair muid sinn féin faoi ionsaí acu leis na blianta beaga anuas, agus na nua-Naitsithe seo ag radadh bagairtí báis chugainn beag beann ar dhlíthe na tíre, agus ba mhór an t-ábhar feirge agus frustrachais dúinn riamh nár bhac na meáin Fhionlannacha riamh leis an taobh seo de scéal ratha na bhFíor-Fhionlannach a aibhsiú mar ba chóir. Ola ar ár gcroí a bhí ann nuair a chonaic muid cad é an cur chuige a bhí ag iriseoirí an tsaoil mhóir: muise ní thabharfadh duine acu aird ar bith ar chur i gcéill Soini, murab ionann agus na hiriseoirí Fionlannacha.
Is é íomhá Soini i meáin na Fionlainne gur fear ionraic tuaithe é, ach ba iad a chuid claonbholscairí féin a chruthaigh an íomhá seo. Le fírinne is eolaí polaitiúil oilte é agus é pósta ar dhochtúir. Scríobh sé a thráchtas céime san ollscoil faoin bpobalóireacht i bpolaitíocht na Fionlainne, go háirithe faoi Veikko Vennamo, pobalóir mór na tíre seo sna blianta iarchogaidh. Nuair a chuaigh sé i gceannas ar iarsmaí an pháirtí a bhunaigh Vennamo (Páirtí Tuaithe na Fionlainne) a bhí air san am, ach thug sé an t-ainm nua ‘Na Fíor-Fhionlannaigh’ air (cé go bhfuil an leagan Fionlainnise níos cóngaraí do ‘Na Bun-Fhionlannaigh’ nó ‘Na Gnáth-Fhionlannaigh’) d’fhéadfá a rá gur cineál turgnamh eolaíochta polaitiúla le daoine a bhí ann.
Chomh bréagach is atá íomhá seo Soini, rud dothuigthe é chomh drogallach is atá na hiriseoirí Fionlannacha altanna criticiúla a fhoilsiú fúithi. Ar ndóigh, ní mór a admháil nach raibh na Fíor-Fhionlannaigh rómheallacach mar ábhar scríbhneoireachta ag lucht na meán ach le déanaí. Ní raibh ag éirí leis an bpáirtí ach go lagmheasartha, agus ní bhíodh ach an-chorrshuíochán acu i bpairlimint na tíre. Mar sin, ní bhacadh na hiriseoirí leo. Le fírinne dealraíonn sé go raibh dearcadh cairdiúil greannmhar acu ar Soini – ghlacaidís leis nach raibh ann ach magadóir gan olc gan urchóid, agus b’iomaí duine acu a bhí den tuairim go raibh moladh ag dul do Soini as an dóigh ar chosain sé an tír ar choinscleo an chiníochais a bhí ag éirí bagrach sna tiortha eile ar fud na hEorpa. Ba é an deilín ná gur pobalóir tíriúil a bhí ann nach raibh dainséarach d’aon duine.
Tháinig bua millteanach an pháirtí sna holltoghcháin in Earrach na bliana 2011 aniar aduaidh ar na hiriseoirí, cé go raibh an chuma ar an scéal le píosa maith ama anuas go raibh na Fíor-Fhionlannaigh ag éirí ní ba chumhachtaí i bpolaitíocht na tíre. Ní raibh cur amach acu ar an gconfadh ciníochais a bhí ag rith damhsa in Idirlíon na Fionlainne agus ag sealbhú pháirtí na bhFíor-Fhionlannach ón taobh istigh. Cé gur vótáladh slua mór ciníochaithe isteach sna sálaí ag Soini féin, mhair na hiriseoirí ar feadh i bhfad ag áitiú nach raibh ciníochas ar bith ag baint le Soini féin.
Maidir leis na hantoiscigh sa pháirtí, thug duine acu ina bhlag “truflais dhaonna ó Chorn na hAfraice” ar na Sómáiligh, agus é ag tabhairt le fios nach raibh iontu ach banéigneoirí. San am chéanna dúirt sé “nach mbeinn ach breá sásta” dá n-éigneodh fear acu polaiteoir áirithe mná de chuid na nGlasach. An bhean seo, agus í luaite ina hainm ag an mblagadóir, níor vótáladh isteach ach uair amháin í, agus ní raibh mórán tionchair aici ar chúrsaí na tíre riamh; ach ba léir go raibh an “pionós” seo tuillte aici ar an t-aon chúis amháin gur bean a bhí inti agus í ina ball de pháirtí Ghlas na Fionlainne. Is ar éigean is féidir gan ciníochas agus fuath do na mná a aithint ar an ráiteas seo. Agus tá an-tacaíocht leis an mblagadóir seo.
Thuig na hiriseoirí go bunúsach gur chóir páirtí na bhFíor-Fhionlannach a ghlacadh i ndáiríre san iriseoireacht pholaitiúil feasta. Ba é ab impleacht dó seo, áfach, go ndeachaigh siad le leithscéalaíocht ag iarraidh ráitis chiníocha ó pholaiteoirí an pháirtí a chosaint is a thuiscint, fiú nuair a bhí na ráitis sin glan bunoscionn le bunreacht na Fionlainne agus le cearta an duine araon. Ní raibh de mhisneach acu gan an t-ainm a bhaint den bhlonag, is é sin, ciníochas a thabhairt ar an gciníochas agus Naitsíochas a thabhairt ar an Naitsíochas.
Is dócha ar ndóigh gur eagla ghlan ba chúis leis an drogall sin. Bíonn sé de nós ag lucht an chiníochais saol gach uile dhuine a chur ó mhaith a bhfuil meas an námhad acu air – é a chlúmhilleadh ar an Idirlíon nó a dtaighde féin a dhéanamh ar a shaol le teacht ar ábhar a d’fhéadfaidís a úsáid mar fhianaise ina aghaidh an lá is faide anonn. Ní chuireann gach duine suas leis an gcineál seo feachtas, go háirithe más duine compordach meánaicmeach é ar nós go leor iriseoirí.
Gaeilgeoir ón bhFionlainn é Panu Höglund agus é ag cur Gaeilge ar chúpla saothar Béarla faoi lathair.